fbpx
Seachtain na Gaeilge

SEACHTAIN NA GAEILGE AG EPIC MÚSAEM EISMIRCE NA HÉIREANN

Fáilte!

Tá áthas orainn fáilte ollmhór a chur roimh scoileanna, Ghaelgeoirí, agus daoine atá ag foghlaim Gaeilge ó gach cúinne den domhan chuig EPIC, Músaem Eisimirce na hÉireann, chun a bheith páirteach lenár dtograí nua Gaeilge.

I measc na dtograí seo, feicfidh tú turas treoraithe, do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna, chomh maith le ceardlanna éagsúla, go léir curtha i láthair trí mheán na Gaeilge. Táimid ag tnúth go mór le sibh a fheiceáil go luath!

 

Seachtain na Gaeilge logo

Soilse, Ceamaraí, Aicsean: Na hÉireannaigh i Hollywood.

Le 14 ainmniúcháin ag na hOscars i mbliana, an líon is airde riamh, ní mhór dúinn a rá go bhfuil muid ar thairseach ré órga nua do scannánóireacht Éireannach. Tá ról ríthábhachtach imeartha ag na hÉireannaigh thar na blianta, ag múnlú tionscal nua haimsire na scannán, mar stiúrthóirí, aisteoirí, scríobhnóirí, beochantóirí, léiritheoirí, agus níos mó.

Ina measc, tá an t-eisimirceach Lucien Bull, a rugadh i mBáile Átha Cliath, agus a raibh mar ceann de ceannrodaí luath an ghriangrafadóireacht ardluais. Gan é, ní bheadh tionscal na scannán againn san lá atá inniu ann fiú! Tá fréamhacha Éireannacha ag an mbuateoir Oscar, an t-amhránaí agus an cóiréagrafaí cáiliúil, Gene Kelly, agus ar an lámh céanna, bhí dearthóir an dealbh Oscar, Cedric Gibbons, mar ball bródúil diaspóra na hÉireann chomh mhaith.

Beidh an turas seo ar siúl ar an 4ú agus an 11ú Márta ag 10am. Coinnigh do spás ar an turas speisialta seo chun tuilleadh a fhoghlaim!

seachtain-na-gaeilge-adult-tour

Turas Treoirithe Gaeilge

An ndearna tú riamh machnamh ar an gceist: cén fáth a bhfuil tionchar domhanda ollmhór ag na hÉireannaigh? Céard é an rud a dhéanann Éireannaigh muid? Conas atá an tionchar ollmhór seo ag tír chomh beag? Gheobhaidh tú na freagraí seo agus tuilleadh ag EPIC, Músaem Eisimirce na hÉireann.

Ar an turas treoraithe seo, atá curtha i láthair trí mheán na Gaeilge, foghlaimeoidh tú na cúiseanna a d’fhág breis is 10 milliúin daoine Éire ar eisimirce, ag díriú ar cén fáth a d’fhág siad, cá ndeachaigh siad, agus conas a mhúnlaigh siad an domhan ina gcónaíonn muid inniu! Ag tabhairt airde ar na figiúirí tábhachtacha sa mhúsaem agus ar na naisc idir eisimirce agus an Ghaeilge, tuigfidh tú nach gciallaíonn eisimirce an méid a fhágann tú taobh thiar díot, ach an méid a ghlacann tú leat.

primary-school-trail

Cás an Eisimircigh

Díríonn an cheardlann seo ar topaicí faoi leith a bhfuil clúdaithe ar an gcuraclam scoile, cosúil le litríocht, cogadh agus an Gorta Mór. Sa cheardlann seo, foghlaimeoimid faoi eisimircigh a d’fhág Éire i rith an Ghorta Mór – Isabella McDougall agus Thomas Quinn, i measc figiúirí eile!

Úsáidfimid na nithe éagsúla atá le feiceáil i gcásanna na bhfigiúirí seo, mar aon le hábhair thacaíochta dhifriúla, chun fiosrúcháin a dhéanamh ar scéalta na n-eisimirceach sa cheardlann.

emigrants-suitcase
Tiny Tots

Tiny Tots: Seachtain na Gaeilge

This month, join Draíocht the Seanchaí, the ancient Irish storyteller, on a fun adventure around Ireland, discovering all things Irish in this special ‘Seachtain na Gaeilge’ Tiny Tots workshop!

Suitable for children aged 3 – 6.

Book Now

tinier-tots

Tinier Tots: Seachtain na Gaeilge

Join Draíocht the Seanchaí, the ancient Irish storyteller on a fun adventure around Ireland, where you’ll sing Irish songs, learn simple Irish phrases and words, and hear Ireland’s famous folklore.

Suitable for children aged 1 – 3.

Book Now

family tour

EPIC Explorers Family Tour – Seachtain na Gaeilge

Suitable for families with children aged between 6-12, this Tour utilises a mixture of games, sensory and drawing activities so that families can engage with history in an enjoyable and engaging way.

This tour will be delivered though Irish.

Book Now

Taiscéalaithe

Fáilte Taiscéalaithe! Sa cheardlann seo, tar linn ar turas timpeall an domhain, in éineacht le heisimircigh inspioráideacha na hÉireann, go léir trí mheán na Gaeilge! Foghlaimeoimid faoi eisimircigh Éireannacha éagsúla, ag déanamh fiosrúcháin ar an obair a rinne siad, chomh maith leis na fionnachtana agus na heachtraí éagsúla a bhí bainte amach acu.

Ó ealaíontóirí agus taiscéalaithe san Antartach, go hinnealtóirí agus foghlaithe mara, fiosróimid an tionchar a bhí ag na heisimircigh Éireannacha seo ar an domhan mór. Bí réidh le cóid rúnda a bhriseadh, finscéal faoi fhoghlaí mara a chruthú agus bhur n-eitleán féin a dhearadh, ar an turas spreagúil seo timpeall an domhain!

primary-school-workshops